Ba cheart claíocha na Gaeltachta a chaomhnú agus an saibhreas teanga inti a chosaint, a dúirt an saineolaí teanga Micí Whiting.
Rugadh Micheál Mac Aoidh ar Inis Bó Finne amach ó chósta Dhún na nGall sa bhliain 1939. Bhí seachtar deartháireacha agus ceathrar deirfiúracha sa chlann a bhí ag a thuismitheoirí, Gráinne Ní Cholla agus Donnchadh Mac Aoidh.
Tá saibhreas as cuimse ina chuid cainte agus is dá bharr sin go bhfuil an tríú leabhar á scríobh aige ar na focail agus nathanna cainte atá bailithe aige le níos mó ná ceithre scór bliain. Bíonn saineolaithe teangeolaíochta go minic ar cuairt ag Micí agus iad ag comhrá leis go dtína trí a chlog ar maidin uaireanta ionas go bhfaighidh siad gach focal a chaomhnú agus a thaifeadadh. Tá croí mór maith ag Micí agus tugann sé a chuid eolais do dhaoine gan srian gan saint.
Lena chois sin, tá sé de chumas ag Micí cuimhne a choinneáil ar scéalta nó eachtraí a tharla níos mó ná dhá chéad bliain ó shin.
READ MORE

“Cha raibh fadhbanna ariamh againne ar an oileán, is deacrachtaí a bhí againn. Char úsáid muidne an focal ‘fadhbanna’ riamh. Cha raibh madra ar bith againn ach an oiread ach madadh. Tá cuma ar go bhfuil giota beag den chroí ag titim as an Ghaeilge ach sin an rud atá siad ag foghlaim díofa sna scoileanna,” a dúirt sé.
Tá soilse Oileán Thoraigh le feiceáil ag glioscarnach san fharraige amach ó theach Mhicí agus é ina shuí os comhair tine mhór chraosach.
Amharcann sé ar chladach na tine agus gan a chloigeann a ardú deir sé gur cheart do gach Gaeltacht a bheith airdeallach faoin tsaibhreas teanga atá iontu agus é a chaomhnú ionas go mbeidh sé ann do na glúnta atá le teacht.
Tógann sé a cheann nuair a chuirtear ceist air faoi shaol na n-oileán agus laethanta a óige. Bhí cúig beithígh déag ar an oileán - rud a dúirt sé a léirigh go raibh créafóg mhaith ar an oileán. Bhíodh asail ar oileáin eile.
Tagann aoibh ar a aghaidh agus é ag cuimhneamh ar an tseanam: “Cúig marcaigh déag ag gabháil amach na clocháin, ag imeacht síos na trá, buachaillí óga thuas ar dhroim na mbeithígh. Rachadh siad isteach ansin ag an ghabha agus d’imeodh siad ansin i lár na hoíche, nuair a bhíodh sé thart ar a dó dhéag nó a haon, nuair a bhí sé ina thrá. Bhí a fhios ag na beithígh iad féin an bealach. Bhíodh mo mháthair ag rá an phaidrín agus nuair a bhí an paidrín cóir ráite aici déarfadh sí, “sin trop na mbeithígh, anois nach bhfuil an chumhacht sa phaidrín”.
Nuair a d’éireodh daoine ar maidin bheadh na beithígh amuigh san fharraige suas go dtína mbolg ag tógáil scríste agus ag baint tairbhe as an fharraige.
Cha raibh fadhbanna ariamh againne ar an oileán, is deacrachtaí a bhí againn. Char úsáid muidne an focal ‘fadhbanna’ riamh.
Tá go leor cuimhní cinn ag fear Inis Bó Finne ar bheith ag tabhairt tarbh chuig teach na comharsan, ag tabhairt fód mónadh ‘na scoile faoi pholl a ascaille leis, ina rith fán chósta, ag coimhéad na bhfear ag treabhadh sna páirceanna san Earrach agus ag tarraingt slabhac catach de na carraigeacha ar imeall an oileáin.
“Bhí trí chineál slabhaic ann: slabhac catach, slabhac sliogánach agus slabhac sleamhain. Chaithfeá fanacht go mbeadh lá gréine ann leis an tslabhac a stealladh amach ón chloch. Thiocfadh sé leat ina ribíní,” a dúirt sé.
Bheadh go leor slabhaic á chur trasna go Meiriceá san am nó bhíodh siad á úsáid mar cheirín ar chnámha briste. Bhí slabhac iontach maith ó thaobh leighis de, a dúirt Micí.
Bhí sé dainséarach súil amach leis an tslabhac a bhaint de bharr an leathach a bheith sleamhain ar laethanta fliucha.
“Sin an sionadh agus tagann sé amach as an leathach nuair atá sé ag cur fearthainne. Tagann an sionadh sin amach as iasc na farraige, amharc anois má fhaigheann tusa greim ar iasc, amharc chomh sleamhain leis, sin an sionadh - tá sé chomh sleamhain le ruball eascainne. Sionadh a bhí againne air sin,” a dúirt sé.
Is iomaí uair a bhíodh scadán ag Micí dá dhinnéar nuair a bhí sé óg ach is beag duine a mbeadh cuimhne acu ar na gnásanna a chleachtaigh na héisc sin san fharraige: “Síolachas, sin an focal a bhí againne, sin an focal a bhí ag m’athair nuair a rachadh an ceann baineann agus an ceann fireann ag síolrú ar thonnta na farraige - nuair a rachadh an dá éisc ag síolrú sin síolachas.
“Thiocfadh siad ar uachtar cuid acu, leapacha a thiocfadh isteach fán chladach agus tchífeá na huibheacha go fóill iontu nuair a thiocfadh siad isteach fán chladach ina scéith dhearg.”
An píosa ab ansa le daoine ithe as an scadán ná an eochraí ach dúirt Micí gur triúsc an t-ainm ceart atá ar an phíosa sin don iasc. Dar leis go raibh daoine ann a d’íosfadh an spál agus go raibh fiúntas mór leis ó thaobh na sláinte: “Sin an ceann a ba cheart do na daoine ithe.”
Dúirt sé nach bhfuil na scadáin chomh blasta agus a bhí agus go bhfuil difear mór le brath anois.
De bharr an ghaoil atá aige le saol na n-oileán, is beag rud nach bhfuil ar eolas aige faoi dhúlra na mara: “Fásann an bhodóg ar an chreig agus achan bhliain tagann bláth beag ar an bhodóg agus nuair a thiteann an bláth ón bhodóg, tá sí apaidh. Agus sin an rud a dtugann siad an ‘scáth bhuí’ air, bláthanna na mbodóg. Fásann an chuid eile den leathach amach as na carraigeacha. Tá leathach eile a dtugann siad an ‘rúscán’ air.”
Tháinig Micí isteach ón oileán go luath sna 1980idí. Chonacthas dó go raibh smacht ag an oileán ort ach dá mbeadh gléas siúl agat ar an tír mhór bheifeá ábalta dul do rogha bealach.
Tá suim ag Mhicí sa nádúr, san aimsir agus sa domhan thart air: “An ghealach iomlán, éiríonn sise le luí gréine agus an ghealach úr éiríonn sí ar a sé a chlog,” a dúirt sé.
Dúirt sé go bhfuil fearthainn ar an bhealach go cinnte nuair atá na cnoic nó na hoileán ródheas duit: “Sin comhartha millteanach fearthainne.”
Anuas air sin, bhí gnás ar leith acu le teach a thógáil san am a chuaigh thart. Dúirt sé gur bhain siad úsáid as cíb, an seanfhéar bán a fhásann ar an chaorán: “Cíb, sin a díon a bhí acu ar na tithí sa tsean-am. Caorán na cíbe duibhe, tá an chíb thíos ar fad ar a chloch, sin an áit ar thosaigh an caorán a fhás, an áit atá móin dhubh thíos ar íochtar agus má fhaigheann sí barraíocht triomaigh, imeoidh sí ina grabhar.”
Tá sé ábalta gach gné d’ailtireacht na dtithe a phlé gan deacracht ar bith, ón díon go dtí an t-urlár agus na focla a úsáideadh le cur síos a dhéanamh orthu.
“An bhfuil a fhios agat na focla seo atá siad ag úsáid ‘ar na bacáin,’ an bhfuil a fhios agat cá háit a dtagann sé as? Bhál sin na bacáin ar na doirse,” a deir sé.
Is deacair imeacht ó chomhluadar Mhicí, ó na haibhleoga dearga beoga ag damhsa ar an chladach ach fágann tú an tí le fiúntas i do cheann agus i do chroí.
Foclóir:
saineolaí teanga = language expert
seachtar deartháireacha = seven brothers
ceathrar deirfiúracha = four sisters
sionadh = ola a bhíonn ar iasc nó feamainn.
tine mhór chraosach = big roaring fire
spál = milt
ailtireacht = architecture










